Cuardaigh  
Roghnaigh Teanga:
An dóigh le ceannacht
Gabh go dtí na leathanaigh ar a bhfuil na hearraí atá tú ag iarraidh a cheannacht agus brúigh an cnaipe Cuir sa Bhascáid do gach earra. Nuair atá na hearraí roghnaithe agat, gabh go dtí an leathanach Seiceáil Amach. Ar an leathanach seo, brúigh 'Ordaigh na hEarraí Seo' le taispeáint go bhfuil tú sásta dul ar aghaidh agus iarrfar sonraí ort faoin seoladh sonraisc, seoladh seachadta agus an modh íocaíochta.

Modhanna Íocaíochta
Glacaimid íocaíocht le cárta creidmheasa. Cuir d'ordú isteach agus déanfaidh comhlacht do chárta creidmheasa comhsó ar an bheart i d'airgeadra féin. Glacaimid le Visa agus Mastercard. Ní bhaineann muid táille amach go dtí go bhfuil muid réidh chun na hearraí a sheoladh chun bealaí. Is féidir leat sonraí do chárta creidmheasa a thabhairt dúinn ar an teileafón nó trí faics, más mian leat.

Seachadadh
Déanfar na costais seachadta a áireamh agus a thaispeáint ar leathanach an Seiceáil Amach sula mbeidh ort d'ordú a chinntiú.

Sceideal do sheachadadh
De ghnáth, cuirfimid d'ordú chun bealaigh laistigh de 3 lá oibre. Tá mioneolas tugtha thíos ar na grádanna seachadta agus na hamanta ar féidir a bheith ag súil lena dteacht.

Seachadadh laistigh d'Éirinn

  • Amárach go Speisialta - seachadta an lá arna mhárach ar fud na hÉireann.
  • Amárach - seachadta an lá arna mhárach sna 26 contae amháin
Seachadadh chuig an Ríocht Aontaithe:
  • Barainn - seachadta laistigh de 7 lá faoi choinne earraí nach bhfuil deifre leo.
  • Euro Speisialta - seachadta laistigh de 2 lá chuig furmhór ceantar agus laistigh de 4 lá chuig ceantair tuaithe.
Seachadadh laistigh den chuid eile den Aontacht Eorpach:
  • Euro Speisialta - seachadta laistigh de 3/8 lá.
Seachadadh laistigh den chuid eile den Eoraip (lasmuigh den Aontacht Eorpach):
  • Tosaíocht - seachadta laistigh de 5/12 lá
Seachadadh laistigh de SAM agus Ceanada:
  • Tosaíocht - seachadta laistigh de 5/10 lá
  • Barainn - seachadta laistigh de 24 la
Seachadadh laistigh den Áise, den Astráil agus den Nua-Shéalainn:
  • Tosaíocht - seachadta laistigh de 7/18 lá
Seachadadh chuig an chuid eile den domhan (lasmuigh den Eoraip, SAM, Ceanada, An Áise, An Astráil agus An Nua- Shéalainn):
  • Tosaíocht - seachadta laistigh de 7/14 lá


As Stoc
Mura bhfuil táirge i stoc againn, cuirfear in iúl duit má tá moill ag gabháil a bheith leis agus beidh deis agat d'ordú a chur ar ceal.



Cártaí Creidmheasa
Déantar uimhreacha na gcártaí creidmheasa go léir a incriptiú sna bogearraí, ag úsáid incriptiúchán 128 giotán, nuair a fhaightear ordú isteach. Ní féidir le duine ar bith ach amháin ár rannóg próiseála na sonraí a léamh. Níl siad coinnithe i bhfoirm inléite ar aon shuíomh gréasáin.

Ráthaíocht
Geallaimid go mbeidh tú sásta le do cheannacht. Mura bhfuil tú sásta le hearraí ar bith, cuir ar ais iad laistigh de 30 lá, le do thoil.

Polasaí Rúndachta
Ní thugaimid aon eolas faoinár gcustaiméirí do thríú páirtí.