|
Ba sa bhliain 1939 a tháinig comhlacht go Croithlí i gCo. Dhún na nGall, le toiseacht ar tháirgíocht úrnua
sa tseanmhonarcha ansin. Bhí an chomlacht seo le clú a thuilleamh mar cheann de na deántóirí bábóga a ba
cháiliúla san Eoraip.
I dtús báire, tosaíodh a dhéanamh bábóga beaga le cloigeann, lámha agus cosa ilchodacha,
corp boglíonta agus iad gléasta in éadaí a bhí déanta as bréidín, línéadach agus earraí cniotáilte áitiúla.
Ainmníodh na bábóga as an tsráidbhaile inar déanamh iad - agus sin mar a tháinig Bábóga Chroithlí ar an tsaol.
Leanadh ar aghaidh le táirgeadh na mbábóga seo agus le bréagáin bhoga eile go dtí tús na gcaogaidí.
Ansin thosaigh an chomhlacht ag baint triail as taos vinil. De thairbhe gur éirigh chomh maith sin
leis na trialacha seo, ní raibh i bhfad go raibh múnlú agus táirgeadh na mbábóga súgartha vinil faoi lán seoil.
Tháinig clú agus cáil ar Bhábóga Chroithlí go hiontach gasta de bharr go raibh cáilíocht
den chéad scoth sna bábóga. Ar fud na hÉireann ba radharc coitianta a bhí ann le linn aimsir na
Nollag scaiftí daoine a bheith i líne ag fanacht le dhul isteach san siopaí agus bhí an t-éileamh chomh
mór sin nach mbeadh ach bábóg nó dhó ar fáil do gach custaiméir.
Tá Croithlí suite ar chósta an Atlantaigh in Iarthuaisceart na hÉireann.
Is é seo ceann de na beagáin ceantair sa tír ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt ann go fóill.
Tá an taobhtíre rite creagach gan truailliú agus tá na daoine cineálta ciúinchainteach agus cairdiúil.
Is ón timpeallacht seo, ina bhfuil siad ina gcónaí agus ag obair, a fhaigheann ár bhfoireann -
a bhfuil duaiseanna aitheantais bainte amach acu - a n-inspioráid do na táirgí a chruthaíonn muid.
Agus tríd an úsáid a bhaineann muid as saibhreas oidhreachta na hÉireann - an stair, an béaloideas
agus an miotaseolaíocht - leanfaimid ar aghaidh ag cur tuilleadh táirgí spéisiúla úrnua ar an mhargadh
do bhur mbailiúcháin luachmhara.
Táirgítear iomlán ár gcuid bábóg ó dheilbheacha nuachruthaithe atá lámhdhéanta go healaíonta ag Mat,
an dealbhóír agus dearthóir cónaithe atá againn.
Déanann Mat an bundheilbh a bhlocáil le plástar. Nuair atá na múnlaí táirgíochta déanta,
tosaíonn muid ar na píosaí aonaracha atá de dhíth chun an bhábóg a chríochnú.
Déanann ár n-ealaíontóir cónaithe féin, Maria, an lámhphéinteáil fhíneálta. Is iad Anne, Bríd, Mary, Sarah-Anne agus Leanne, ár sárfhoireann, a dhéanann an cur le chéile agus an cóiriú deiridh.
|